Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Naíonáin

Sa Bhaile


Sa Bhaile

Fear an Phoist
(Fonn the keel row)
Tá fear an phoist ag teacht anois,
Ag teacht anois, ag teacht anois,
Tá fear an phoist ag teacht anois,`
Bhuil litir aige domsa?
~~~~~~~~~
Cnag ar an Doras
Cnag ar an doras is féach isteach
Ardaigh an láiste agus siúl isteach
Suigh ar an stól is bí ag ól
Is conas atá tú ar maidin?
~~~~~~~~~
Siopadóir
Tá siopadóir deas
Ag cúinne an róid,
Diolann sé arán
Is bainne le h-ól

Díolann sé cacaí
Is borróga buí
Tugann sé ceann dom
Anois is arís.
~~~~~~~~~
Mórthimpeall is Mórthimpeall
(Round and round the garden)

Timpeall is mórthimpeall,
A bhogann béirín beag,
Aon chéim, dhá chéim,cigilimís go léír.
~~~~~~~~~



Is buachaill bó mise, hó! hó! hó!
Is buachaill bó mise, hó! hó! hó!
Ag marcaíocht ar mo chapall, ó!
Is buachaill bó mise, hó! hó! hó!
Hí-eip! Hí-eip! Hó! hó! hó!
~~~~~~~~~
Breithlá mo Dhaidí
Breithlá mo Dhaidí a bhí ann inné,
Is rinne mo MhamaíCíste don tae.
Tháinig an tíogar is tháinig an béar.
D’ith siad an císte is na coinnle go l eir!
~~~~~~~~~
Tá an dochtúir ag teacht anois
(fonn Here we go gathering nuts in May)
Tá an dochtúir ag teacht anois,
Ag teacht anois, ag teacht anois,
Tá an dochtúir ag teacht anois,
Is a m(h)ála ina láimh.
~~~~~~~~~
Liathróid
Liathróid, liathróid, liathróid ghlas,
Liathróid, liathróid, liathróid dheas,
Preab í, preab í, ar an bhféar.
Caith í, caith í, suas san aer.
~~~~~~~~~
Suí Sá
Suí Sá, in airde san aer,
Síos arís, ag suí ar an bhféar.
Suí Sá, in airde sa spéir
Déanaimis é an lá go léir.
~~~~~~~~~


www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu