Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Rang 1-3

Ainmhithe


Ainmhithe

Má-má, a chaora dubh
Má-má, a chaora dubh,
Bhfuil olann agat le dáileadh?
A dhuine chóir, a dhuine chóir,
Lán trí mhála.
Ceann don uasal,
Ceann don bhé,
Is ceann don bhuachaillín
Ó bhóithrín an tsléibhe.
~~~~~~~~~
Íne Míne Maighne Mó
Íne míne maighne mó,
Beir an choinín,
Beir air beo.
Má screadann sé lig dó go deo,
Íne míne maighne mó.
~~~~~~~~~
Luascadar Luascadar Luch
Luascadar, luascadar luch,
Rith an luchóg suas an clog.
Bhuail sé a haon,
Bhí an luchóg bheag saor,
Luascadar, luascadar luch.
~~~~~~~~~
Na hAinmhithe
Féach ar na hainmhithe
Amuigh faoin spéir,
Ag rith is ag léim
Is ag ithe an fhéir.

Ní féidir leo léamh,
Ní féidir leo scríobh,
Ní thagann siad ar scoil,
Níor tháinig ariamh.

Ach bíonn siad sásta
An bhliain go léir,
Amuigh sa pháirc
Ag ithe an fhéir.


le Colm Mac Lochlainn
~~~~~~~~~
Micilín Muc
Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá,
Ar an aonach lá, ar an aonach lá,
Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá.
Hé, hó, Micilín Muc.

Cheannaigh sé hata le cur ar a cheann,
Le cur ar a cheann, le cur ar a cheann,
Cheannaigh sé hata le cur ar a cheann.
Hé, hó, Micilín Muc.

Tháinig sé abhaile le port na habhann,
Le port na habhann, le port na habhann,
Tháinig sé abhaile le port na habhann.
Hé, hó, Micilín Muc.

Sciorr a chos is thit sé isteach,
Thit sé isteach, thit sé isteach.
Sciorr a chos is thit sé isteach.
Hé, hó, Micilín Muc.

Beir greim ar a chluas is tarraing é amach,
Tarraing é amach, tarraing é amach,
Beir greim ar a chluas is tarraing é amach.
Hé, hó, Micilín Muc.
~~~~~~~~~


Mo Chaitín

Tá caitín agamsa atá bán agus buí,
In aice na tine a bhíonn sé ina luí,
Ní féidir leis léamh, ní féidir leis scríobh,
Ní labhrann sé focal le muintir an tí.
Bímse ar scoil ag obair go dian,
Is mo chaitín sa bhaile ina chodladh faoin ngrian.
~~~~~~~~~
Eireaball
Le P. Mac Concoille
Tá eireaball mór ramhar
Ag cangarú,
Is air a shuíonn sé.
Ag béar ban bocht,
Tá an t-eireaball is lú,
Nach trua an t-ainmhí é!
Tá eireaball breá fada
Ag madra rua,
Is leis a scuabann sé.
Ach an t-eireaball is fearr
Is ag an moncaí atá,
Is leis a luascann sé
Ó chraobh go craobh,
Ó chrann go crann,
Ag déanamh spóirt dó féin.
~~~~~~~~~
An Sú
Moncaí, 'croc' is eilfint;
Sioráf is cangarú
Is iad sin na hainmhithe
A fheicimíd sa Sú.
An 'Hippo' mór san uisce
Is maith liom é go mór
Ach is fearr liom an sronbheannach
'S a gheanc atá greannmhar.
Tíogar mór is béar mór bán;
Séabra is babún
Feicimid go leir iad
Nuair a bhímid sa Sú.

~~~~~~~~~
Cúig Ubh

Cúig ubh istigh sa nead.
Cearc ar gor, glug, glug, glug.
Bhris an bhlaosc, bhris sí arís,
Amach le sicín, tsíp, tsíp, tsíp.
Ceithre ubh istigh sa nead.
Trí ubh istigh sa nead.
Dhá ubh istigh sa nead.
Ubh amháin istigh sa nead.
~~~~~~~~~
An Feirmeoir
Bíonn an feirmeoir ar an bhfeirm
Ag obair go dian gach lá.
Tá tarracóir mór dearg aige,
Madra mór dubh
Is piscín beag buí agus ban.
~~~~~~~~~
An Fheirm

Chonaic mé bó ag cogaint.
Chonaic mé asal ag rith.
Chonaic mé muc ina chodladh
Ach ní fhaca mé capall ar bith.
~~~~~~~~~
An Sú
Chuaigh mé go dtí an Sú inné,
an Sú inné, an Sú inné.
Chuaigh mé go dtí an Sú inné
Is chonaic mé an moncaí.

Bhí moncaí thuas ar chrann inné,
Ar chrann inné, ar chrann inné.
Bhí moncaí thuas ar chrann inné
Is chonaic sé an leon mór.

Bhí Leo Leon sa chás inné,
Sa chás inné, sa chás inné.
Bhí Leo Leon sa chás inné
Is chonaic sé an tíogar.

Bhí tíogar ina luí inné‘na luí inné,
‘na luí inné.
Bhí tíogar ina luí inné
Sa leaba ina chodladh.
~~~~~~~~~
An Sú
Tá mo leaba sa teach, arsa eilifint mhór.
“Tá mo leaba sa teach, sa teach mór sa Sú”.
“Tá mo leaba sa chás”, arsa an tíogar deas.
“Tá mo leaba sa chás, sa chás deas sa Sú”.
“Tá mo leaba sa chrann”, arsa an moncaí beag donn.
“Tá mo leaba sa chrann, sa chrann ard sa Sú”.
~~~~~~~~~

Ceithre Rón

Ceithre rón thuas ar an gcloch,
Thuas ar an gcloch, thuas ar an gcloch.
Ceithre rón thuas ar an gcloch,
Léim ceann amháin isteach sa loch.

Trí rón thuas ar an gcloch,
Thuas ar an gcloch, thuas ar an gcloch.
Trí rón thuas ar an gcloch,Léim ceann amháin isteach sa loch.

Dhá rón thuas ar an gcloch,
Thuas ar an gcloch, thuas ar an gcloch.
Dhá rón thuas ar an gcloch,
Léim ceann amháin isteach sa loch.

Rón amháin thuas ar an gcloch,
Thuas ar an gcloch, thuas ar an gcloch.
Rón amháin thuas ar an gcloch,
Léim sé siúd isteach sa loch.

~~~~~~~~~
Ag Dul go dtí an Zú
(Fonn: “Daddy’s taking us to the zoo tomorrow)
Táimid ag dul go dtí an zú amárach,
an zú amárach, an zú amárach,
Táimid ag dul go dtí an zú amárach,

Curfá
Ag dul go dtí an zú, zú, zú,
An dtiocfaidh tú, tú, tú,
Go dtí an zú, zú, zú,
Is breá linn an zú, zú, zú.


Féach an eilifint, Trunc mór liath,
Trunc mór liath, Trunc mór liath,
Féach an eilifint,Trunc mór liath,
Maireann sí sa zú.
Curfá
Féach an crogall, Fiacla móra,
Fiacla móra, fiacla móra,
Féach an crogall, Fiacla móra,
Maireann sé sa zú.
Curfá

Féach an moncaí, Ruball tanaí,
Ruball tanaí, ruball tanaí,
Féach an crogall, Ruball tanaí,
Maireann sé sa zú.

Curfá

Féach an sioráf, Muineál fada,
Muineál fada, muineál fada,
Féach an sioráf, Muineál fada,
Maireann sé sa zú.

Tógtha as leabhar an mhúinteora - Bualadh Bos, Rang a dó.
~~~~~~~~~
An Crogall
Tá crogall san uisce,
Nach gránna é!
Itheann sé páistí,
Le haghaidh an tae.

Dia dhuit, a chrogaill,
Ná maraigh mé!
An ligfidh tú trasna na habhann mé?
~~~~~~~~~
Humptaí Dumptaí

Bhí Humptaí Dumptaí ina shuí ar an mballa,
Do shéid an ghaoth agus thit sé ar an talamh
Plaoscadh a bhlaosc agus briseadh a chroí,
Cé go raibh sé bán Anois tá sé buí!
~~~~~~~~~
Na Muiciní
Chuaigh an muicín seo ar an margadh.
D’fhan an muicín seo sa bhaile.
Fuair an muicín seo arán is im.
Ni bhfuair an muicín seo tada.
“Duig duig duig duig” a deir an muicín seo
"Cá bhfuil mo chuidse?"
~~~~~~~~~
Frog agus Gé
A haon, a dó,A haon, a dó, a trí,
Frog mór ramhar ina shuí.
A ceathair, a cúig,A ceathair, a cúig, a sé,
Hata beag bídeach ar an ngé.
~~~~~~~~~
Gugalaí-Gug
Gugalaí-gug, mo chircín dubh,
Suíonn sí ar nead is beireann sí ubh,
Ubh inniú is ubh inné,
Gugalaí-gug mo chircín dubh.
~~~~~~~~~
Ag an Sú
Tá athas ar na paistí
Tá a bpicnic dheas reidh,
Íosfaidh siad criospaí,
agus ólfaidh siad tae.
Féach ar an tiogar ar ithe,
Is an eilfint ag ól,
Tá an sioraf mór ard,
ina shuí ar an stól,
Tá an moncaí ag rince,
beidh spórt ann inniu,
Ó bígí linn agus fáilte,
Ag an bpicnic sa Sú.
~~~~~~~~~
Luichíní ag Damhsa
Luichíní ag damhsa,
Luichíní ag siúl,
Luichíní ag léim,
Sa teach ag am lóin.
Tá cat mór ag éisteacht,
Tá cat mór ag féachaint,
Bígí ag rith, a luichíní
Nó íosfaidh sé sibh.
~~~~~~~~~
A haon, a dó, a trí,lucha beaga buí
A haon a dó, a trí,lucha beaga buí,
Ag ithe píosa cáise,
I ngan fhios d`fhear an tí.
Cat mór liath,tháinig sé isteach.
Cad a dhein na lucha?
Rith siad amach!
~~~~~~~~~
Indiach Dearg
Indiach dearg ar a chapall ag teacht,
Ar a chapall ag teacht,Ar a chapall ag teacht,
Indiach dearg ar a chapall ag teacht,
Cliotaram, cliotaram, cloís!

Slua mór dá mhuintir aniar ina dhiaidh,
Aniar ina dhiaidh,Aniar ina dhiaidh,
Slua mór dá mhuintir aniar ina dhiaidh,
Cliotaram, cliotaram, clois!
~~~~~~~~~
An Trá
Tá an lá go hálainn.
Tá mé ag dul go dtí an trá,
Le sluasaid agus buicéad
Is ciseán mór lán.

Beidh mé ag imirt peile,
Ag bailiú sliogáin,
Ag snámh san uisce
Agus ag tógáil caisleáin.
~~~~~~~~~
Aon, Dó, Trí
Aon, dó, aon, dó, trí,
Luichíní istigh sa tuí,
Aon, dó, aon, dó, trí
Luchiní istigh sa tuí.
Ceathair, cúig, ceathair, cúig, sé,
Tháinig gandal is cúpla gé,
Ceathair, cúig, ceathair, cúig sé,
Tháinig gandal is cúpla gé.
Seacht, ocht, seacht, ocht, naoi,
Thosaigh siad ag déanamh spraoi,
Seacht, ocht, seacht, ocht, naoi,
Thosaigh siad ag déanamh spraoi.
~~~~~~~~~






www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu