Main menu:
Bia
Bia
Ar Meisce
le Art O Suilleabhain
D’oscail mise buidéal fíona
an oíche seo liom féin.
Bhí Mamaí ag an mbingo
‘s bhí an teilifíseán bréan.
Thit an ‘minder’ ina codladh
bhí diabhalaíocht i mo cheann
d’ól mé cúpla gloine
‘s is gearr go raibh mé teann.
Bhuail seafóid mo chuid smaointe
bhí corraí i mo lámh
sciorr cos uaim ar an staighre
ach chodail mé go sámh.
Ar maidin bhí mé buailte
ní bheidh braon agam arís
mo chloigeann bocht ag scoilteadh
An dtagann ciall le haois?
~~~~~~~~~
Feoilséantóir
As Saibhreas 2 le hÉamonn Ó Ríordáin,Deaglán
Collinge agus Gearóid Ó Tuama
Is feoilséantóir mé –
Ní ithimse feoil
Ach bíonn go leor agam
Le hithe is le hól.
Bíonn leite agam ar maidin
Le harán agus tae,
Is ceapairí le hanraith
I lár an lae.
Ansin don dinnéar
Ithimse sailéid,
Glasraí, sceallóga,
Torthaí is a leithéid.
Cé nach n-ithimse caoireoil,
Iasc nó liamhás.
Ní dóigh liom fós
Go bhfaighidh mé bás.
~~~~~~~~~