Main menu:
Bia
Bia
An Siopa
Is maith liom an siopa,
An siopa, an siopa.
Is maith liom an siopa,
Tá banana buí ann.
(milseáin deasa, úlla glasa)
~~~~~~~~~
Aon, Dó, Trí
Úlla deasa buí.
Ceathair, cúig, sé,
Banana don tae.
Seacht, ocht, naoi,
Ólé, ólé, ólé.
~~~~~~~~~
Is Maith Liom
Is maith liom bainne,
Is maith liom subh,
Is maith liom milseáin,
Is maith liom ubh.
Is maith liom cáis,
Is maith liom práta,
Is maith liom arán,
Agus is maith liom cáca.
~~~~~~~~~
Ulla Móra
(fonn: Droichead Londain)
Bhí úlla móra thuas ar an gcrann,
Thuas ar an gcrann, thuas ar an gcrann.
Bhí úlla móra thuas ar an gcrann,
Lá breá fómhair buí.
~~~~~~~~~
Bananaí, Bananaí
Bananaí, bananaí, buail do bhosa.
Bananaí, bananaí, gread do chosa.
Bananaí, bananaí, smeach do mhéara.
Bananaí, bananaí, léim san aer.
~~~~~~~~~
Is Taephota Mise
Is taephota mise, ramhar is beag,
Seo mo chluas is seo mo ghob,
Éist le mo ghlór is na cupáin ag teacht,
Ardaigh mé is doirt mé amach!
~~~~~~~~~
Seáinín Leisciúil
(fonn Frére Jacques)
Seáinín leisciúil, Seáinín leisciúil,
Ina luí, ina luí
Tá sé in am bricfeasta
Tá sé in am bricfeasta
Bí i do shuí, bí i do shuí
~~~~~~~~~
In am don lón
Tá sé in am don lón anois,
Tá sé in am don lón anois,
Tá sé in am don lón anois,
Cad atá agatsa?
Ceapairí is piorra buí,
Ceapairí is piorra buí,
Ceapairí is piorra buí,
Sin atá agamsa.
~~~~~~~~~
Mo Lón
(Tar éis lóin gach lá)
D’ith mé mo lón X 3
Hé hó mo Dhaidíó
D’ith mé mo lón.
Bhí bainne agam........
Bhí ceapaire agam........
Bhí úll glas agam..........
Bhí íogart agam.............
Bhí lón deas agam........
~~~~~~~~~