Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Rang 1-3

Ar Scoil


Ar Scoil

Clog na Scoile
Éist le clog na scoile
Ding dong ding dong.
Éist más é do thoil é
Ding dong ding.
Céard a deir an clog sin?
Brostaigh, brostaigh,
Céard a deir an clog binn?
Ding dong ding!
~~~~~~~~~
Na páistí
Tá na páistí óga ag teacht ar scoil,
Ag teacht ar scoil, ag teacht ar scoil,
Tá na páistí óga ag teacht ar scoil,
Ag teacht ar scoil gach maidin.


Tá na páistí óga ag imirt peil’,
Ag imirt peil’, ag imirt peil’,
Tá na páistí óga ag imirt peil’,
Ag imirt peil’ gach maidin.

Tá na páistí óga ag ithe lóin.......
Páistí óga ag fágáil slán..........
~~~~~~~~~
Cairde
le E. Ó Tuathaul
Tá cáirde agam
A imríonn liom;
Bímíd le chéile gach lá.
Léimíd leabhar
Agus tugaimid cabhair
Dá chéile gach aon uair is gá.
~~~~~~~~~


Cad é an Gléas a Roghnaigh Tú?
(fonn- London Bridge)
Cad é an gléas a roghnaigh tú,
A roghnaigh tú, a roghnaigh tú?
Cad é an gléas a roghnaigh tú?
Cé acu is fearr leat?


Is maith le Seán an tambóirín,
An tambóirín, an tambóirín.
Is maith le Seán an tambóirín,
Sin an ceann is fearr leis.


Is maith le Niamh an druma mór.........
Is maith le Cian an veidhlín.........
Is maith le Pól an fheadóg mhór.........
Is maith le Sadhbh na cloiginí.........
~~~~~~~~~
Amhrán na nGléasanna
(Fonn – Here we go Round the Mulberry Bush)

Seinnimid an tambóirín, an tambóirín, an tambóirín,
Seinnimid an tambóirín.................cnag, cnag, cnag.

Seinnimid na cloigíní, na cloigíní, na cloigíní,
Seinnimid na cloigíní...................ding, ding, ding.

Seinnimid an druma mór, an druma mór, druma mórí,
Seinnimid an druma mór...............bum, bum bum.

Seinnimid an veidhlín, an veidhlín, an veidhlín
Seinnimid an veidhlín....................nah, nah, nah.

Seinnimid an fheadóg mhór, an fheadóg mhór, an fheadóg mhór.
Seinnimid an fheadóg mhór ...................tooot, toot, toot.
~~~~~~~~~




www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu