Main menu:
Eadaí
Eadaí
Is fuath liom na héadaí seo
le Breandán de Bhál.
Is fuath liom na héadaí seo,
Níl uaim iad a chaitheamh níos mó
Ní oireann siad dom ar chor ar bith
B'fhearr liom iad a fheiceáil ar bhó.
Ní féidir liom dul amach
Beidh mo chairde ag gáire fúm
Má théim anois amach ón teach
Nach ormsa a bheidh an ghruaim
Ach céard atá uait a chaitheamh?
Éadaí sractha, caite, ildaite dar ndóigh
Níor mhaith liom éadaí mar iad a fheiceáil
Ar mhuc agis í isitigh sa chró!
Ní féidir linn teacht ar réiteach
Fágfaimid an rogha agat féin,
Ach glacfaimid grianghraf álainn díot
Le taispeáint ag do chóisir fiche is a haon!
~~~~~~~~~