Main menu:
Ar Scoil
Ar Scoil
An Gabhar sa Scoil
le Seán Mac Fheorais
Isteach sa scoil shiúl seanghabhar
Is shuigh sé síos ar stól.
Thóg sé fod as lár na tine
Is d'ith sé é mar lón.
D'ól sé dúch as buidéal
Is thaitin sé leis ar ndóigh,
Chuir sé píopa cré 'na bhéal,
Is chaith sé é go beo.
As a phóca thóg sé leabharín grinn,
Is thosaigh sé ag léamh,
Rinne sé rince dúinn ansin,
'S a mheigeall thuas san aer.
Ag dul amach an doras dó
Chaoich sé súil amháin;
'Is iontach an áit an scoil, ar sé,
Ach b'fhearr liom bheith i bpáirc' .
~~~~~~~~~
Liathróid i bPáirc an Chrócaigh
le Éamonn Ó Ríordáin
Preabann sí, casann sí,
Léimeann sí timpeall.
Cictear í, buailtear í
Ard agus íseal.
Amanna tapa,
Uaireanta mall,
Suas agus síos,
Sall is anall.
Istigh sa chúl
Thar an trasnán,
Croitear na bratacha
Glas agus bán.
Ag luí ar an talamh
Nó ag eitilt san aer,
Screadadh is béiceadh
Ón slua go léir.
~~~~~~~~~