Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Rang 4-6

Ócáidí Speisialta

Ocáidí Speisialta

An Choill dhubh dorcha
Sa choill dhubh dhorcha,
bhí teach dubh dorcha
Sa teach dhubh dhorcha,
bhí seomra dubh dorcha
Sa seomra dhubh dhorcha,
bhí cófra dubh dorcha
Sa chófra dhubh dhorcha,
bhí tarraicean dubh dorcha
Sa tarraiceán dhubh dhorcha,
bhí bosca dubh dorcha
Sa bhosca dhubh dhorcha,
bhí mála dubh dorcha
Sa mhála dhubh dhorcha,
bhí ............... Taibhse!
~~~~~~~~~
Oíche Nollag
le Máire Mhac an tSaoi

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc,
Adaigh an tine is téir chun na leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh do shuaimhneas a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
~~~~~~~~~


Oíche Chiúin
(Silent Night)
Oíche Chiúin, oíche Mhic Dé,
Cách na suan go héiri an lae.
Dís is dílse ag faire le spéis.
Glór binn aingeal le clos insan aer.
Críost ag teacht ar an saol.
Críost ag teacht ar an saol.

Oíche Chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús a chuala an scéal
Alleluia aingeal ag glaoch
Cantain suairc i ngar is i gcéin.
Críost ár Slánaitheoir féin
Críost ár Slánaitheoir féin

Click here for Silent Night in other languages.
~~~~~~~~~


www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu