Main menu:
Mé Féin
Mé Féin
Rólaí Pólaí
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí,
Suas, suas, suas,
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí,
Síos, síos, síos.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Amach, amach, amach,
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Isteach, isteach, isteach.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Go mall, go mall, go mall.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Go tapaidh, go tapaidh, go tapaidh!
~~~~~~~~~
Lámh Lámh Eile
Lámh, lámh eile, a haon a dó,
Cos, cos eile, a haon a dó,
Súil, súil eile, a haon a dó,
Cluas, cluas eile, a haon a dó,
Ceann, srón, béal, smig,
Agus fiacla bána im’ bhéal istigh
~~~~~~~~~
Ceann, Gualainn, Glúine, Cos
(fonn: Head, shoulders, knees and toes)
Ceann, gualainn, glúine, cos. glúine, cos,
Ceann, gualainn, glúine, cos glúine, cos
Agus súile, cluasa, béal agus srón.
Ceann, gualainn, glúine cos glúine cos.
~~~~~~~~~
Cúig Bliana
(Fonn: Happy birthday)
Cúig bliana inniu,
Cúig bliana inniu,
Cúig bliana,cúig bliana,
Cúig bliana inniu.
~~~~~~~~~
Nigh mé Róisín
Nigh mé Róisín, tá sí go deas,
Nigh mé Róisín, tá sí go deas,
Nigh mé a lámha, a haon a dó,
Nigh mé a cosa, gheo, hó, hó.
~~~~~~~~~
Tá mo lámha fuar
(fonn “The farmer wants a wife”)
Tá mo lámha fuar,
Tá mo lámha fuar,
Hé, hó, mo Dhaidí ó,
Tá mo lámha fuar.
Tá mo lámha te,
Tá mo lámha te,
Hé, hó, mo Dhaidí ó,
Tá mo lámha te
~~~~~~~~~
Tá Teidí bocht tinn
Tá Teidí bocht tinn,
Tá Teidí bocht tinn,
Hé hó, mo Dhaidí ó,
Tá Teidí bocht tinn.
~~~~~~~~~
Timpeall Timpeall
Timpeall, timpeall, rothaí an chairr.
Timpeall, timpeall, rothaí an chairr.
Timpeall, timpeall, rothaí an chairr.
Rothaí ag casadh timpeall.
Bíp, bíp, bíp, ag adharc an chairr.
Bíp, bíp, bíp, ag adharc an chairr.
Bíp, bíp, bíp, adharc an chairr.
Géilligí don bíp, bíp.
~~~~~~~~~
Roille Roille Ráinne
(Fonn; Round and round the garden)
Roille roille ráinne,
Timpeall linn i bhfáinne,
Ríleoro! Ríleoró!
Suas san aer le mo choisín ó!
~~~~~~~~~
Is Maith Liom é
Ag siúl, ag siúl, is maith liom é,
Is maith liom é,Is maith liom é,
Ag siúl, ag siúl, is maith liom é,
O, bí ag siúl liomsa.
Ag rith, ag rith.......
Ag léim, ag léim.........
~~~~~~~~~
Tá an dochtúir ag teacht anois
(fonn Here we go gathering nuts in May)
Tá an dochtúir ag teacht anois,
Ag teacht anois, ag teacht anois,
Tá an dochtúir ag teacht anois,
Is a m(h)ála ina láimh.
~~~~~~~~~
Cá bhfuil __________?
( Fonn Frére Jacques )
Cá bhfuil __________?
Cá bhfuil __________?
Tá mé anseoTá mé anseo
Agus conas atá tú?
Agus conas atá tú?
Tá mé go maith
Tá mégo maith.
Cá bhfuil __________?
Cá bhfuil __________?
Níl sé/sí anseo
Níl sé/sí anseo
Tá sé sa bhaile
Tá sé sa bhaile
Tá sé tinnTá sé tinn.
~~~~~~~~~
Hé hó, mo Dhaidí ó
Tá Teidí ag siúl,Tá Teidí ag siúl,
Hé hó, mo Dhaidí ó,Tá Teidí ag siúl.
Tá Teidí ag rith,Tá Teidí ag rith,
Hé hó, mo Dhaidí ó,Tá Teidí ag rith.
Tá Teidí ag ól,Tá Teidí ag ól,
Hé hó, mo Dhaidí ó,Tá Teidí ag ól.
~~~~~~~~~
Seasaigí Suas
Seasaigí suas is suígí síos,
Seasaigí suas arís.
Lámha suas is lámha síos,
Is lámha ar gach taobh.
Lámha amach is lamha isteach
Is lámha amach arís.
Lámha suas is lamha síos
Is lámha ar gach taobh.
~~~~~~~~~
Buail Bos
Buail bos, gread cos
Cas timpeall is glac sos.
~~~~~~~~~
Lámha, Bosa
Lámha, bosa, glúine, cosa,
Buail do lámha ar do chosa
~~~~~~~~~
Dún do lámha
Dún do lámha, Oscail do lámha,
Dún is oscail arís.
Dún do lámha,Oscail do lámha,
Dún is oscail arís.
~~~~~~~~~
An Béirín
Tá béirín agamsa,
Béirín deas donn.
Níl léine ná bríste air
Ná hata ar a cheann.
~~~~~~~~~
Buail do Bhosa
Buail do bhosa Buail do bhosa
Bosa beaga míne.
Buail do bhosaBuail do bhosa
Is gheobhaidh tú féirín Dé hAoine.
Buail do ghlúine.........
Buail do chosa..........
~~~~~~~~~
An Traein
Mise an traein, puff, puff, puff,
Mise an madra, bhuf, bhuf, bhuf,
Mise an bus, bíp,bíp,bíp,
Mise an sicín, tsíp,tsíp,tsíp.
~~~~~~~~~
Cé atá ann?
Rat – a – tat – tat
Cé atá ann?
Is mise an garda,
Tá hata ar mo cheann.
Rat – a – tat – tat
Cé atá ann?
Is mise fear an phoist,
Tá mála ar mo dhroim.
~~~~~~~~~
Carr Beag
Carr beag dearg,
Carr beag buí,
Carr beag gorm,
A haon, a dó, a trí.
~~~~~~~~~
Bréagáin
Tá gunna uisce ag Seán,
Fúis, fúis, fúis.
“Tá mé fliuch”, arsa Pól
Fliuch, fliuch, fliuch.
Tá liathróid ag Úna,
Preab, preab, preab.
Ach anois tá an liathróid ag Áine,
Rith, rith, rith.
~~~~~~~~~
Na Bréagáin
Tá carr (bán) ag Teidí, ag Teidí, ag Teidí.
Tá carr bán ag Teidí, bíp, bíp, bíp.
Tá teidí donn ag Úna, ag Úna, ag Úna.
Tá teidí donn ag Úna, hó, hó, hó.
Tá rothar buí ag Áine, ag Áine, ag Áine.
Tá rothar buí ag Áine, drinn, drinn, drinn.
~~~~~~~~~
An Hócaí Pócaí
Cuir do lámh dheas isteach,
Tóg í amach, cuir í isteach,
Agus cas go cúramach.
Déan an hócaí pócaí
Agus cas anois thart,
Sin mar atá an scéal!
Ó hócaí, pócaí, pócaí,
Ó hócaí, pócaí, pócaí,
Ó hócaí, pócaí, pócaí,
Sin mar atá an scéal.
Cuir do lámh chlé isteach,
Tóg í amach, cuir í isteach,
Agus cas go cúramach.
Déan an hócaí pócaí
Agus cas anois thart,
Sin mar atá an scéal!
Cuir do chos dheas isteach......
Cuir do chos chlé isteach..........
~~~~~~~~~
Páiste Beag
Is páiste beag mise
Ag bualadh bos,
Is maith liom sugradh
Is maith liom sos.
Bím im’ sheasamh,
Bím im’ shuí,
Nuair a théim a chodladh
Bím im’ luí.
~~~~~~~~~