Main menu:
Ainmhithe
Ainmhithe
An Traein
Mise an traein, puff, puff, puff,
Mise an madra, bhuf, bhuf, bhuf,
Mise an bus, bíp,bíp,bíp,
Mise an sicín, tsíp,tsíp,tsíp.
~~~~~~~~~
Na hainmhithe
Mise an bhó – mú – mú - mú
Mise an capall – né – né -né
Mise an chaora – ba – ba – ba
Mise an t-asal – hí – há, hí – há.
~~~~~~~~~
Tá capall ag Seáinín
Tá capall ag Seáinín, hup, hup, hup!
Tá bó ag Páidín, sup, sup, sup!
Tá lao ag Máirín, suc, suc, suc!
Tá cearc ag Áine, tiuc, tiuc,tiuc!
~~~~~~~~~
Mo Mhadra
Sin é mo mhadra ina shuí ar an stól
Bíonn sé ag ithe, Bíonn sé ag ól.
Ólann sé bainne, itheann sé arán
Deireann sé bhuf, bhuf,Nuair a bhíonn sé lán.
~~~~~~~~~
Peataí
(Fonn: Teidil-eidil éró)
Tá madra dubh ag Áine
Reics is ainm dó.
Tá piscín óg ag Pádraig
Dubh is ainm dó.
Tá coileán deas ag Orla
Tá coinín bán ag Brónagh
Tá iasc beag órga ag Éanna
Is toirtís mall i gcás.
~~~~~~~~~
Damhán Alla
Damhán Alla, Damhán Alla,
Ar an mballa, ar an mballa.
Tháinig éan, tháinig éan,
Ó, mo léan, ó, mo léan!
~~~~~~~~~
Dhá Éinín Bheaga
Dhá éinín bheaga thuas ar an gcrann.
Seo é Peadar, seo é Pól.
Imigh uaim, a Pheadair,Imigh uaim, aPhóil,
Tar ar ais, a Pheadair,Tar ar ais, a Phóil.
~~~~~~~~~
Haigh Didil Didil
Haigh didil didil, an cat is an fhidil,
Léim an bhó thar an ré,
An madra beag donn dhein gáire le fonn,
Is d`imigh an spúnóg ar strae.
~~~~~~~~~
B'fhearr Liomsa
Is maith le madra cnámh,
Is breá le moncaí cnó
Tá dúil ag cat i mbainne
Is taitníonn féar le bó.
Tá suim ag coinín i gcabáiste,
Tá bá ag luch le grán.
Tá cion ag asal ar chairéad,
Ach b’fhearr liom féin milseáin.
~~~~~~~~~
Aon, Dó Muc is Bó
Aon, dó, muc is bó,
Trí, ceathair, bróga leathair,
Cúig, sé, cupán tae,
Seacht, ocht, seanbhean bhocht,
Naoi, deich, císte te.
~~~~~~~~~
Istigh sa Sú
Istigh sa Sú tá Babaí Cangarú,
Léim anois,Léim anois, Léim anois go luath.
Istigh sa Sú tá Mamaí Changarú.........
Istigh sa Sú tá Daidí Cangarú...
~~~~~~~~~
Smidín Beag
Smidín beag an seilide
Ag snámh go righin is go mall,
Suas an balla, suas an balla,
Anuas arís ar ball
~~~~~~~~~
Éinín Binn
Aon, dó, aon, dó, trí,
Chuala mise éinín binn.
Aon, dó, aon, dó, trí,
Chuala mise éinín.
Lá-la, lá-la, lalalalalá-la
Lá-la, lá-la, lalalalalá.
~~~~~~~~~
Dhá Éinín Bheaga
Dhá éinín bheaga thuas ar an gcrann.
Seo é Peadar, seo é Pól.
Imigh uaim, a Pheadair,Imigh uaim, aPhóil,
Tar ar ais, a Pheadair,Tar ar ais, a Phóil.
~~~~~~~~~