Main menu:
Ainmhithe
Ainmhithe
An dTiocfaidh Tú Liom?
An dtiocfaidh tú liom go dtí an zú?
Feicfidh tú hippois cangarú,
Camall le cruit air, Is crogall mór,
Is séabra le stríocaí bána is dubha.
Tiocfaidh mé leat go dtí an zú.
Feicfidh mé hippo is cangarú,
Camall le cruit air is crogall mór,
Is séabra le stríocaí bána is dubha.
Seo linn anois go dtí an zú!
~~~~~~~~~
Tá Dragan Iontach Fíochmhar
(fonn – The Grand Old Duke of York)
Ó, tá Dragan iontach fíochmhar,
Tá Dragan iontach mór.
Bíonn na slanntracha ag lonrú,
Bíonn siad buí agus ór.
Puf, puf, puf,
Tá toit óna shrón,
Siosóg, siosóg, siosóg,
Tá eireaball ar a thóin.
Má fheiceann tú an Dragan seo,
Imigh leat de rith.
Coimhéad, seo chugainn é,
Tá an talamh uilig ar crith.
~~~~~~~~~
Tá an Ghráinneog iontach Colgach
(fonn – one finger, one thumb keep moving)
Tá an ghráinneog iontach colgach,
Tá an ghráinneog iontach colgach,
Tá an ghráinneog iontach colgach,
Cad é eile ba chóir dom a rá?
(cuir an dá lámh le chéile, leis na méara fillte agus croith iad)
Snámhann an t-iasc san uisce,
Snámhann an t-iasc san uisce,
Snámhann an t-iasc san uisce,
Cad é eile ba chóir dom a rá?
(Cuir an dá lámh le chéile leis na méara díreach agus bog iad mar a bheadh iasc san uisce ann)
Tá an crogall iontach fiaclach,
Tá an crogall iontach fiaclach,
Ta an crogall iontach fiaclach,
Cad é eile ba chóir dom a rá?
(buail na lamha in éadan a chéile mar a bheadh béal chrogaill ann)
Tá an nathair iontach sleamhain,
Tá an nathair iontach sleamhain,
Tá an nathair iontach sleamhain,
Cad é eile ba chóir dom a rá?
(luasc do lámh ó thaobh go taobh mar a bheadh nathair ann)
Tá an chuileog iontach gasta,
Tá an chuileog iontach gasta,
Tá an chuileog iontach gasta,
Cad é eile ba chóir dom a rá?
(cas do mhéar mar a bheadh cuileog ag eitilt go gasta ann)
~~~~~~~~~
Ag Dul Isteach san Áirc
Cuid a haon
Le do thoil, a Naoi,
Tá sé fliuch anseo sa pháirc.
An ligfidh tú dúinn,
Dul isteach san Áirc?
Ligfidh, cinnte, arsa Naoi,
Ach ní chluinim sibh,
Déanaigí fuaim os ard ar dtús,
Ansin isteach libh!
Cá bhfuil na nathracha?
Ssssssssssssssss, cluinim sibh,
Maith sibh, a nathracha,
Anois, isteach libh!
Cá bhfuil na crogaill?
Snip sneap, cluinim sibh,
Maith sibh, a chrogalla,
Anois isteach libh!
Cá bhfuil na coiníní?
Preab agus stad, cluinim sibh,
Maith sibh, a choiníní
Anois isteach libh!
Cá bhfuil na moncaithe?
Caint caint, cluinim sibh,
Maith sibh, a mhoncaithe,
Anois isteach libh!
Cá bhfuil na heilifintí?
Gread, gread, cluinim sibh,
Maith sibh, a eilifintí,
Anois isteach libh!
Chuir sé go trom,
Bhí sé fliuch sa pháirc,
Ach bhí Naoi agus na hainmhithe,
Slán sábháilte san Áirc!
**************
Cuid a dó
Ins an Áirc,
Bhí sé dorcha go leor.
Ach bhí an Áirc róbheag,
Bhí na hainmhithe rómhór!
Bhí na nathracha míshásta,
Sssssssssss!
Bhí na crogaill dubhdóite,
Snip sneap, snip sneap!
Bhí na coiníní míshocair,
Preap agus stad, preab agus stad!
Bhí an leon ag búireach,
Rrrrrrrrrrr!
Bhí na moncaithe ag dul ar mire,
Caint caint, caint caint!
Bhí na heilifintí ag greadadh leo,
Gread gread, gread gread!
D’éirigh sé róchallánach,
D’éirigh Naoi feargach.
STAD! arsa Naoi!
Stad, stad, stad!
Amharc, sin oileán,
Amach as an bhád!
HÚRÁ!
~~~~~~~~~