Main menu:
Bia
Bia
Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé,
Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé,
Císte deas i gcomhair an tae,
Uachtar reoite, banana buí,
Lollipop is oráistí.
Cáca milis, fí, fá, fum,
Uachtar reoite yum, yum, yum,
Úlla deasa, hip, hip, hop,
Ach b`fhearr liom féin mo lollipop.
~~~~~~~~~
Seánín
Bhí bata ag Seánín
Bhí úlla ar an gcrann
“Oh!” arsa Seanín “Ba mhaith liomsa ceann”.
Chaith sé an bata suas ar an gcrann.
Ach tháinig an bata anuas ar a cheann.
~~~~~~~~~
An Cupán
Mise an cupán,
Táim lán le tae.
Cuir bainne agus siúcra orm
Agus measc go maith mé.
Oscail do bhéal.
Ól braon tae,
Ar ais liom
ar an mbord arís
Nach deas mé?
~~~~~~~~~