Main menu:
An Aimsir
An Aimsir
An Ghealach
Is mise an ghealach,
Is mise an lampa san oíche;
Bím in aice na réalta
Ag insint scéalta
I rith an lae
Faoi céard a tharlaíonn
Nuair a thiteann an oíche,
Faoi chumhacht an tsolais san oíche
nó rás na ndaoine
Nó ceal na farraige fúinn
Is na mílte tíortha idir muid –
Míle dán, scéalta is amhráin
A deirim leis na réalta.
Tá a fhios agamsa gach ceann.
Is mise an inspioráid
A líonann daoine le scríobh óna gcroíthe;
Gan mise anseo
Ní bheidh aon bheocht,
Is beidh sibh ansin faoi cheo trom,
Insím scéalta a líonfas laethanta,
Nó dánta agus amhráin de mhíle dath –
Féach suas anseo ormsa
An lampa ins an spéir,
Is lig cead dom scríobh ó do láimhse
Le daoine domhaine a léamh
Go mbeidh ‘fhios acu gach scéal.
~~~~~~~~~
Is Mé
Is crann mé ag síniú mo ghéaga ...
Is bláth mé ag fás i dtreo na gréine ...
Is sruthán mé ag scinneadh is ag boilgearnach thar charraigeacha ...
Is duilleog mé, séidte anseo is ansiúd ar an ghaoth ...
Chruthaigh Dia mé.
Is tonn mé ag bualadh is ag briseadh go feargach ar thaobh aille ...
Is tomóg de fhraoch mé ag fás ar thaobh cnoic ...
Is sliabh mé i mo sheasamh go hard os cionn gach ní ...
Is cuilithín mé ag scoilteadh suaimhneas locha ...
Cruthaigh Dia mé.
Is grian mé ag scoilteadh na gcloch ...
Is fearthainn mé ag bualadh in éadan fuinneoige ...
Is sneachta mé ag clúdú an talaimh le brat, bán, tostach ...
Is gaoth mé ag baint siosarnach as na duilleoga ...
Cruthaigh Dia mé.
Is iolar mé, grástúil agus brodúil, ag eitilt go hard sa spéir ...
Is capall fian mé ag pocléimneach go neamhbhuartha ar an mhóinteach ...
Is sluga mé ag sleamhnú go fadalach tríd an fhéar ...
Is moncaí mé ag luascadh go héasca tríd na craobhacha ...
Cruthaigh Dia mé.
~~~~~~~~~
Na Gaoithe
An ghaoth aduaidh bíonn sí crua
Is cuireann sí gruaim ar dhaoine
An ghaoth aneas bíonn sí tais
Is cuireann sí rath ar shíolta
An ghaoth anoir bíonn sí tirim
Is cuireann sí sioc istoíche
An ghaoth aniar bíonn sí fial
Is cuireann sí iasc i líonta.
~~~~~~~~~
An Aimsir
Néalta dubha,
Stoirm mhór!
Gathanna gréine,
Lá breá!
Teocht ard!
Teocht íseal!
Cá mbíonn puisín?'
Na luí ar mo leaba!
~~~~~~~~~
Fear Sneachta
Ar oíche fhuar gheimhreadh
Bíonn tú ag an doras
Bíonn tú ag seasamh ann
Fuar agus fliuch.
Ar óiche fhuar gheimhridh
Bíonn tú ag an bhfuinneog
Bíonn tú ag seasamh ann
Fuar agus fliuch.
Ar óiche fuar geimhridh
Lig mé tú is teach
Sheas tú ós comhair an tine
Bhí tú fuar agus fliuch.
Ar maidin fhuar gheimhridh
Chuaigh mé síos an staighre
Agus bhí tú ar an talamh
Leaite mar loch.
~~~~~~~~~
An Spéir
Is maith liom féachaint ar an spéir,
Nuair atá mé im' luí ar an bhféar.
Is dath gorm é nuair a thagann an ghrian amach.
Is dath liath é nuair atá sé scamallach.
Is maith liom súgradh amuigh faoin aer.
Is maith liom súgradh ar lá saor.
Bím ag imirt iománaíocht agus peile.
Bím ag imirt a lán rud eile.
Agus dá réir, is maith liom an spéir.
~~~~~~~~~