Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Paidreacha


Paidreacha

Comhartha na Croise
(The Sign of the Cross)
In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an
Spioraid Naoimh. Áiméan.
~~~~~~~~~
Paidir Thurais
( Journey Prayer)
Éirigh liom, a Dhia,
Fan liom i rith an lae,
Sa bhaile agus ar gach turas,
Ná lig dom dul ar strae.

~~~~~~~~~
Glóir don Athair
(The Glory Be)
Glóir don Athair,
Agus don Mhac,
Agus don Spiorad Naomh.
Mar a bhí ó thús,
Mar atá anois,
Mar a bheas go brách,
Tré saol na saol. Áiméan.
~~~~~~~~~
Paidir na Maidine
( The Morning Prayer)
A Dhia, tá grá agat dom.
Bíonn tú liom de lá is d’oíche.
Ba mhaith liom grá a thabhairt duit
gach nóiméad den lá.
Ba mhaith liom tú a shásamh.
A Athair, cabhraigh liom. Áiméan.
~~~~~~~~~
Paidir na hOíche
( The Night Prayer)
A Dhia, a Athair, molaim thú
as ucht do chineáltais liom inniu.
As ucht mo chairde molaim thú,
agus as an teaghlach a thug tú dom.
I ndorchadas na hoíche cosain mé
solas na maidine go bhfeice mé. Áiméan.
~~~~~~~~~
Altú roimh Bhia
( Grace before Meals)
Beannacht ó Dhia orainne atá ag suí chun
boird le chéile.
Beannacht ar an mbia a ithimid inniu.
Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é.
Beannacht a Dhia dílis orainn féin. Áiméan.
~~~~~~~~~
Altú tar éis Bia
( Grace after Meals)
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug bia dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug cairde dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug gach rud dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia. Áiméan.

~~~~~~~~~
Paidir d’Íosa
( Christ be beside me)
Críost liom,
Críost romham,
Críost I mo dhiaidh,
Críost ionam,
Críost ar mo lámh dheas,
Críost ar mo lámh chlé,
Críost I mo chuideachta is cuma cá dtéim,
Críost mar chara agam, anois is go buan.
~~~~~~~~~
An Fhaoistin Choiteann
( Confetior)
Admhaím do Dhia uilechumhachtach
Agus daoibhse, a bhráithre,
Gur pheacaigh mé go trom
Le smaoineamh agus le briathar,
Le gníomh agus le faillí,
Trí mo choir féin, trí mo choir féin,
Trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
Impím ar Naomh Mhuire síor-Ógh,
Ar na haingil agus ar na naoimh,
Agus oraibhse, a bhráithre,
Guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
~~~~~~~~~

Ár nAthair
( Our Father)
Ár nAthair atá ar neamh,
Go naofar d’ainm,
Go dtaga do ríocht,
Go ndéantar do thoil ar an talamh
Mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
Agus maith dúinn ar bhfiacha,
Mar a mhaithimidne d’ár bhféichiúna féin,
Agus ná lig sinn I gcathú,
Ach saor sinn ó olc.
Áiméan.
~~~~~~~~~
’Sé do Bheatha, a Mhuire
( Hail Mary)
’Sé do bheatha, a Mhuire,
Atá lán de ghrásta,
Tá an Tiarna leat.
Is beannaithe thú idir mná,
Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
A Naomh Mhuire, a mháthair Dé,
Guigh orainn, na peacaigh,
Anois agus ar uair ár mbáis.
Áiméan.
~~~~~~~~~
An Gníomh Dóláis
( Act of Sorrow)
A Dhia, gabhaim buíochas leat as ucht do ghrá dom.
Tá brón orm faoi mo pheacaí uile:
Nach raibh grá agam duitse ná do dhaoine eile.
Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar nós Íosa
Agus gan peaca a dhéanamh arís.
Áiméan.
~~~~~~~~~
Paidir ag iarraidh Maithiúnais
( Prayer before Confession)

A Dhia, ár nAthair, cabhraigh liom
Cuimhneamh ar na huaireanta
Nár mhair mé mar a d’iarr Íosa orm.
Cabhraigh liom brón a bheith orm
Agus iarracht eile a dhéanamh.
Áiméan.
~~~~~~~~~
Paidir tar éis Maithiúnais
( Prayer after Confession)
A Dhia, ár nAthair, go raibh maith agat faoi
Mhaithiúnas a thabhairt dom.
Cabhraigh liom grá a thabhairt do dhaoine eile.
Cabhraigh liom maireachtáil mar a d’iarr Íosa orm.
Áiméan.
~~~~~~~~~
Paidir roimh Chomaoineach
( Prayer before Communion)
A Thiarna Íosa, tar chugam.
A Thiarna Íosa, tabhair dom do ghrá.
A Thiarna Íosa, tar chugam agus tabhair tú féin dom.
A Thiarna Íosa, a chara na bpáistí, tar chugam.
A Thiarna Íosa, is tú mo Thiarna agus mo Dhia.
Moladh leat, a Thiarna Íosa Críost.
Áiméan.
~~~~~~~~~
Paidir tar éis Caomaoineach
( Prayer after Communion)
A Thiarna Íosa, gráim agus adhraím thú.
Is tú mo chara dílis.
Fáilte romhat, a Thiarna Íosa.
Go raibh maith agat as teacht chugam.
Go raibh maith agat, a Thiarna Íosa,
As ucht tú féin a thabhairt dom.
Cabhraigh liom do ghrá a léiriú
Cibé áit a mbím.
Bí taobh liom, a Thiarna Íosa,
Fan in aice liom go deo.
Beannaigh sinn, na páistí, atá faoi do chúram
Agus tabhair ar neamh sinn chun cónaithe leat féin.
Táim réidh anois, a Thiarna Íosa,
Tá grá agam go leor.
Táim réidh anois le do ghrá a thabhairt
Sa bhaile is don saol mór.
Áiméan.
~~~~~~~~~


www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu