Main menu:
Sa Bhaile
Sa Bhaile
Seáinín ar a Rothar
Seáinín ar a rothar,
Seáinín ar a rothar,
Seáinín ar a rothar aon, dó, trí.
Seáinín ar a rothar,
thit sé ar an mbóthar,
Seáinín beag ag caoineadh, aon, dó, trí.
Seáinín beag ag gáire,
ag imirt lena chairde,
Seáinín beag ag gáire, aon ,dó, trí.
~~~~~~~~~
Ag Feachaint ar an Teilifís
Tá Liam sa bhaile,
Tá sé ar bís!
Níl sé ar scoil,
Tá sé ag féachaint ar an teilifís.
Faigheann sé an cianrialtán,
Suíonn sé síos,
Tá áthas ar Liam,
Ag féachaint ar an teilifís.
~~~~~~~~~
Tá na leanaí ar an trá
( fonn: The Keel Row)
Tá na leanaí ar an trá,
Ar an trá, ar an trá,
Tá na leanaí ar an trá,
Ag súgradh leis an liathróid.
Chuaigh Daidí amach ag snámh,
Amach ag snámh, amach ag snámh.
Chuaigh Daidí amach ag snámh,
D`fhan Mamaí ar an stóilín.
~~~~~~~~~
A náid, a haon, a dó
A náid, a haon, a dó,
rug mé ar iasc a bhí beo,
A trí, a ceathair, a cúig, a sé,
Chaith mé isteach san uisce é.
Cén chúis ar scaoil tú leis?
Mar chreim sé méar liom nuair fuair sé deis.
Cén mhéar a bhí i gceist?
An lúidín beag anseo ar dheis.
~~~~~~~~~