Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Rang 4-6

Mé Féin


Mé Féin

Strainséar
le Art Ó Súilleabháín

Fuair Mamaí leanbh nua
san ospidéal inné
deartháirín nua domsa
- ní thuigim fós cé hé.
 
Caitheann Mam an lá ar fad
á bheathú ‘s á bhá
níl nóiméad aici agamsa
- ní thuigim fós cén fáth.

Deir sí liom “Fan socair,
tá an gasúr ina luí.”
Caithfidh mise fanacht ciúin
- ní thuigim fós cén chaoi.
 
Ach tá Daidí an-chineálta,
tá sé freisin bun os cionn.
Ní bhacann sé le Mamaí
- ormsa atá a chion.
~~~~~~~~~




Pianta
le Art Ó Súilleabháín

Tá pian i mo dhroim
Ta pian i mo lámh
Tá pian i mo rúitín
Mam, níor chodail mé go sámh.

Tá pian i mo bholg
Tá pian mo cheann
Tá pian i mo scórnach
Mam, cá bhfuil mo pheann?

Tá pian i m’ordóg
Tá pian i mo shrón
Tá pian i mo chluasa
Mam, cá bhfuil mo lón?

Á, a mham tá mé ocrach
Ach chaill mé mo ghoile

‘Tuigim anois’, arsa Mam,
‘Céard atá ort – tinneas scoile?’
~~~~~~~~~


www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu