Main menu:
Ócáidí Speisialta
Ocáidí Speisialta
Oíche Shamhna
Taibhse is cailleach,
Tine cnámh,
Cnónna is milseáin
Úll ar snáth.
Téimid timpeall
Ó theach go teach
Ithimid úlla is báirín breac.
~~~~~~~~~
An Chailleach
An bhfaca tu an chailleach?
Chonaic mise í,
Lena srón mór fada,
Is a fiacla gránna buí.
Hubail rubail bubail,
Hubail rubail bubail.
An bhfaca tu an chailleach?
Chonaic mise í,
Lena cat mór fada,
Ar an scuab ina suí,
Hubail rubail bubail,
Hubail rubail bubail
~~~~~~~~~
Púca
"Puca! Puca! Is mise an Puca!
Puca! Puca! aon do tri!
Seo i an oiche, Oiche Shamhna
A theim ar cuairt chun do thi!"
~~~~~~~~~
Oíche Shamhna!
E. Ó Tuathail
Oíche Shamhna, fleadh sa teach.
Úlla, cnónna is bairín breac.
Hataí Páipéir, eadaigh ghlé,
Sport is spraoi againn go léir
Cailleach dána, ar an saol,
Fanaimis istigh ó bhaol.
~~~~~~~~~
An Nollaig
(Fonn: Jingle Bells)
Tá an Nollaig buailte linn.
Tá áthas ins an aer.
Tá sneachta ar an talamh.
Tá réalta ins an spéir.
Táimid ag dul a chodladh.
Is tá ár stocaí réidh.
Beidh San Nioclás ag teacht anocht
Anuas an simléar.
Ó, bualadh bos, bualadh bos, Bualadh bos go léir.
Beidh San Nioclás ag teacht anocht
Anuas an simléar.
Ó, bualadh bos, bualadh bos,bos go léir.
Beidh San Nioclás ag teacht anochtAnuas an simléar.
~~~~~~~~~
Breithlá Mhic Dé
(Fonn; Away in a manger)
I máinséar sa stábla,
Bhí Iosa, Mac Dé,
Bhí Muire is Iosaf
Agus aingil sa spéir.
Bhí aoirí agus uain ann,
Asal óg agus bó.
Tháinig ríthe le beart
Mar bhí breithlá Mhic Dé.
~~~~~~~~~