Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Naíonáin

Ócáidí Speisialta

Ocáidí Speisialta

San Nioclás
Tá San Nioclás ag teacht anois,
Ag teacht anois, ag teacht anois,
Tá San Nioclás ag teacht anois,
Agus breagáin aige domsa.
~~~~~~~~~
Daidí na Nollag
Tháinig Daidí na Nollag,
Ní fhaca mé é.
Fuair mé a lán breagáin,
Hip, hip, huré.
~~~~~~~~~
An Nollaig
(Fonn: Jingle Bells)
Tá an Nollaig buailte linn.
Tá áthas ins an aer.
Tá sneachta ar an talamh.
Tá réalta ins an spéir.
Táimid ag dul a chodladh.
Is tá ár stocaí réidh.
Beidh San Nioclás ag teacht anocht
Anuas an simléar.

Ó, bualadh bos, bualadh bos, Bualadh bos go léir.
Beidh San Nioclás ag teacht anocht
Anuas an simléar.

Ó, bualadh bos, bualadh bos,bos go léir.
Beidh San Nioclás ag teacht anochtAnuas an simléar.
~~~~~~~~~
Breithlá Mhic Dé
(Fonn; Away in a manger)

I máinséar sa stábla,
Bhí Iosa, Mac Dé,
Bhí Muire is Iosaf
Agus aingil sa spéir.
Bhí aoirí agus uain ann,
Asal óg agus bó.
Tháinig ríthe le beart
I gcomhair bhreithlá Mhic Dé.

~~~~~~~~~
An Nollag
Seo chugainn an Nollaig,
Is maith liom é.
Breithlá Íosa,
Breithlá Mhic Dé.
~~~~~~~~~
San Nioclás
Tháinig San Nioclás,
Ní fhaca mé é.
Fuair mé a lán bréagáin
Hip, hip, huré.
~~~~~~~~~

Oíche Shamhna
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna,
Báirín breac, báirín breac
Úlla is cnónna, Úlla is cnónna,
Is maith liom iad, Is maith liom iad.
~~~~~~~~~
Oíche Shamhna
Oíche Shamhna,
Tá an ghealach sa spéir,
Tá na spioraid amuigh,
Is tá eagla san aer.
~~~~~~~~~
Púca
Púca, Púca is mise an Púca.
Púca, Púca, a haon, a dó a trí!

~~~~~~~~~

Damhán Alla
Damhán Alla, Damhán Alla,
Ar an mballa, ar an mballa.
Tháinig éan, tháinig éan,
Ó, mo léan, ó, mo léan!
~~~~~~~~~
Oíche Shamhna
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna,
Rudaí deasa againn go léir.
Úlla, cnónna agus báirín breac
Is féasta againn don tae.
~~~~~~~~~
Lá Fhéile Pádraig
(fonn: Clementine)
Lá ‘le Pádraig, Lá ‘le Pádraig
Hip, huré, hip, hip, huré,
Bí ag seinm, bí ag máirseáil,
Lá ‘le Pádraig hip huré.
~~~~~~~~~
San Nioclás
Fear beag ramhar,
Féasóg bhán,
Cóta dearg,
Mála bréagán.
Fia mór donn,
Ag eitilt agus ag rás,
Cé hé féin?
San Nioclás.
~~~~~~~~~
Stocaí Nollag
Stoca mór dearg,
Stoca mór buí,
Stoca ar gach leaba,
Is na leanaí ina luí.
~~~~~~~~~



www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu