Rainn agus amhráin


Go to content

Main menu:


Rang 1-3

Mé Féin


Mé Féin

Seáinín ar a Rothar
Seáinín ar a rothar,
Seáinín ar a rothar,
Seáinín ar a rothar aon, dó, trí.

Seáinín ar a rothar,
thit sé ar an mbóthar,
Seáinín beag ag caoineadh, aon, dó, trí.

Seáinín beag ag gáire,
ag imirt lena chairde,
Seáinín beag ag gáire, aon ,dó, trí.
~~~~~~~~~
Bogaimis ár gCos
(fonn – Row, Row, Row Your Boat)


Siúil leat, siúil leat, siúil leat mar is cóir.
Siúil leat, siúil leat, ar an bhealach mhór.

Léim leat, léim leat, is cos amháin san aer.
Léim leat, léim leat, léim go hard sa spéir.

Léim leat, léim leat, léim, dhá chos in airde.
Léim leat, léim leat, tú féin agus do chairde.

Gread leat, gread leat, gread do chos go trom.
Gread leat, gread leat, gread chomh gasta liom.

Siúil leat, siúil leat ar bharraicíní na gcos,
Ag imeacht linn abhaile, bogaimis ár gcos.
~~~~~~~~~


Bhí Maedhbh ag Caoineadh
Bhí Maedhbh ag caoineadh
Is ag déanamh olagóin,
Mar sciorr sí ar bhanana,
Is ghortaigh sí a tóin.
Ach bhí Mamaí an-chineálta
Is leigheas sí a brón,
Le barra mór seacláide,
A thug sí di roimh lón.
~~~~~~~~~
Teidí Beag Álainn
Teidí beag álainn, teidí beag buí,
Thit sé sa pháirc agus tá sé an-tinn.
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.

Ghortaigh sé a cheann agus ghortaigh sé a shúil,
Ghortaigh sé a lámh agus ghortaigh sé a ghlúin.
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.

Tháinig an dochtúir i gcarr chun an tí.
“Cá bhfuil teidí beag, teidí beag buí?”
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.

D’fhéach sé ar a cheann agus d’fhéach sé ar a shúil,
D’fhéach sé ar a lámh agus d’fhéach sé ar a ghlúin,
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.
~~~~~~~~~


www.teachnet.ie

Back to content | Back to main menu