Main menu:
Eadaí
Eadaí
Na héadaí
(fonn – The bears went over the mountain)
Tóg cóta as an mbosca
Tóg cóta as an mbosca
Tóg cóta as an mbosca
Tá cóta deas agam.
Tóg hata as an mbosca X 3
Tá hata deas agam.
Tóg bríste, stocaí, geansaí srl.........
~~~~~~~~~
Mo Chóta
Cuirfidh mé orm mo chóta X 3
Tra la la la la lá…
Bainfidh mé díom mo chóta X 3
Tra la la la la lá…
Crochfaidh mé suas mo chóta X 3
Tra la la la la lá…
~~~~~~~~~
Timpeall an Tí
Nigh na héadaí x 2
Cuimil agus cuimil agus nigh na héadaí.
Fáisc na héadaí x 2
Fáisc agus fáisc agus fáisc na héadaí.
Croch amach na héadaí x 2
Croch agus croch agus croch amach na héadaí.
Séid, a ghaoth,Agus triomaigh na héadaí,
Séid agus séid agus triomaigh na héadaí.
Beir isteach na héadaí x 2
Beir agus beir agus beir isteach na héadaí.
Rith isteach abhaile x 2
Rith agus rith agus rith isteach abhaile.
~~~~~~~~~
An Béirín
Tá béirín agamsa,
Béirín deas donn.
Níl léine ná bríste air
Ná hata ar a cheann.
~~~~~~~~~