Main menu:
An Aimsir
An Aimsir
Duilleoga
Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa,
Ag damhsa ar an gcraobh.
Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa,
Ag imeacht leis an ngaoth.
Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa,
Ar thalamh ina luí.
~~~~~~~~~
An Sneachta
Thit sneachta bog bán
Anuas ón spéir,
Nuair a bhí mé i mo luí
Ar mo leaba aréir.
Tá sneachta bog bán,
anois i ngach áit,
ar theach is ar chrann,
ar shráid is ar pháirc.
Beidh againn spóirt,
Mé féin agus Seán,
ag sugradh inniú
Sa sneachta bog bán.
~~~~~~~~~
Bogha Báistí
Bhí bogha baistí
Sa ghairdín inné.
Stua ag síneadh
Ó thalamh go spéir.
Dáthanna áille,
ag ionradh go glé,
Glór do Dhia,
A chéad chruthaigh é.
~~~~~~~~~
Bogha Báistí
Dearg agus glas,
gorm agus buí,
Féach sa spéir,
An bogha baistí.
Ag ceann an bogha,
Tá pota breá mór,
Féach isteach ann,
Is leatsa an t-ór.
~~~~~~~~~