
Ionad Campála na Rinne
An Rinn
Portláirge
23 Meitheamh 2006
A Liam dhil,
Conas atá sibh? Tá súil agam go bhfuil
gach duine ar fónamh. Tá mise gnóthach faoi láthair mar táim ag campáil
faoin tuath le mo chlann. Creid nó ná creid!
Bhí sladmhargadh ar siúl sa siopa campála
sa chathair. Chonaic mo dhaid é agus cheannigh sé an fearas campála don
thuras. Bhí sceitimíní áthais air nuair a d'fhógair sé go raibh an chlann ag
dul ar thuras campála i mbliana. Ní raibh mo mhaim ró-shásta, b'fhearr leí
bheith ag fanacht in óstán. Caithfidh mé a admháil go raibh mé féin agus mo
dheirfiúir Cáit ar muin na muice nuair a chualamar é!
Tháinig an sprioc lá agus bhíomar ar bís.
Chuireamar an fearas ar fad sa charr: an puball, an sorn gáis, na málaí
codlata, an bia agus fearas spóirt. Nuair a shroicheamar an t-ionad campála
fuaireamar ionad deas agus thosaíomar ag cur suas an pubaill. Bhí mearbhall
ar mo dhaid bhocht agus bhí orm féin agus Cáit cabhrú leis.
Is breá liom an t-ionad campála. Tá sé
suite cois farraige agus tá an radharc tíre dochreidte! Caithimid gach
tráthnóna ar an trá ag snámh agus ag imirt cluichí. Is iomaí áis atá san
ionad campála: seomra níochán, siopa grósaera, seomra folctha agus cúirt
leadóige.
Déanann mo dhaid an chócaireacht ar fad.
Faraor níl sé go maith sa chócaireacht agus bíonn ispíní agus borgairí dóite
againn beagnach gach oíche. Táim bréan den bhia dóite ach ní féidir linn
gearán a dheánamh mar tá an fear bocht ag déanamh a dhícheall. Táimid ag ní
ár gcuid éadaí sa sheomra níochán. Tá meaisín níocháin ann.
Bhuel, sin an scéál. Níl a thuilleadh
nuachta agam duit. Feicfidh mé thú go luath.
Do chara
Pól |